
About this project
Peann na nÓg (The Pen of the Young) is Éire Dialogue’s Irish-language creative writing competition for secondary school students in Ireland. It invites Junior Cycle and Senior Cycle students to write an original poem, short story or essay in Irish. Each form gives students a different kind of freedom: to capture a moment in a few lines, take a reader into an imagined world or make a case for something they believe.
Irish holds a special place in Ireland’s culture and heritage. Its place names preserve details of the landscape, its songs and stories carry memories across generations, and its everyday expressions reveal how people have understood family, friendship, humour and belonging. A student might recognise Irish in the name of the town where they live, in a phrase a grandparent uses or in a song they first heard at school. Writing gives them an opportunity to explore those connections and to add something of their own.
That matters because Irish is also a living language, and young people have things to say in it about Ireland today. A poem about the last day of school, a story set on the bus home or an essay about growing up with more than one language all have a place in Peann na nÓg. We welcome the perspectives of students who speak Irish at home, those who encounter it mainly in the classroom and those who are still finding the confidence to write in it. A familiar subject, expressed in the writer’s own words, can make a memorable piece.
Students respond to a competition theme through one of three forms:
Poetry gives writers room to experiment with the sound and rhythm of Irish. A repeated phrase, a striking image or a carefully chosen final line can give shape to a feeling that is difficult to explain.
Short stories invite students to create characters, build a setting and decide what happens next. A story might begin with an unexpected visitor, a family tradition or a small misunderstanding between friends.
Essays give students space to think a question through, draw on their own experiences and develop a personal point of view. What matters is how clearly the reader can follow the writer’s thinking.
Entries are considered with the student’s stage of learning in mind. Judges look at imagination, originality, clarity of expression, use of Irish and how thoughtfully the piece engages with the theme.
For Éire Dialogue, the competition brings language, education and dialogue together. When a young person writes in Irish, another person gets to see a little of the world through their eyes. Peann na nÓg celebrates both the cultural inheritance students draw on and the stories that only their generation can tell.
Is comórtas scríbhneoireachta cruthaithí Gaeilge é Peann na nÓg (The Pen of the Young) a reáchtálann Éire Dialogue do dhaltaí iar-bhunscoile in Éirinn. Tugtar cuireadh do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí dán, gearrscéal nó aiste dá gcuid féin a scríobh i nGaeilge. Tugann gach foirm saoirse dá cuid féin don scríbhneoir: nóiméad a thabhairt chun beatha i gcúpla líne, an léitheoir a thabhairt isteach i ndomhan samhailteach nó cás a dhéanamh ar son rud éigin a gcreideann siad go láidir ann.
Tá áit ar leith ag an nGaeilge i gcultúr agus in oidhreacht na hÉireann. Sna logainmneacha Gaeilge, maireann cur síos ar an tírdhreach mar a chonaic na glúnta a chuaigh romhainn é. Sna hamhráin agus sna scéalta, cuirtear cuimhní ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Agus sna nathanna laethúla, faighimid léargas ar an tábhacht a bhain, agus a bhaineann fós, leis an teaghlach, leis an gcairdeas, leis an ngreann agus leis an gcóngas idir daoine. B’fhéidir go n-aithneodh dalta an Ghaeilge in ainm a bhaile féin, i nath a bhíonn ag a sheanmháthair nó ag a sheanathair, nó in amhrán a chuala sé nó sí den chéad uair ar scoil. Tríd an scríbhneoireacht, bíonn deis ag daltaí na ceangail sin a fhiosrú agus a gcuid féin a chur leis an oidhreacht sin.
Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá a lán le rá ag daoine óga inti faoin saol in Éirinn inniu. Tá áit i bPeann na nÓg do dhán faoin lá deireanach scoile, do scéal a thiteann amach ar an mbus abhaile nó d’aiste faoin taithí a bhaineann le fás aníos le níos mó ná teanga amháin. Cuirimid fáilte roimh dhaltaí a labhraíonn Gaeilge sa bhaile, roimh dhaltaí a úsáideann í sa seomra ranga den chuid is mó, agus rompu siúd atá fós ag cur leis an muinín atá acu as a gcumas scríbhneoireachta sa teanga. Is minic a fhanann píosa i gcuimhne an léitheora nuair a scríobhann duine faoina bhfuil ar eolas aige ina chuid focal féin.
Roghnaíonn daltaí ceann de thrí fhoirm chun freagairt do théama an chomórtais:
Filíocht — Sa dán, bíonn deis ag daltaí triail a bhaint as fuaimeanna agus rithimí na Gaeilge. Uaireanta, is leor frása a thagann arís is arís eile, íomhá chumhachtach nó líne dheiridh a roghnaítear go cúramach chun mothúchán atá deacair a mhíniú a chur in iúl.
Gearrscéalta — Sa ghearrscéal, cruthaíonn an scríbhneoir carachtair, roghnaíonn sé nó sí suíomh agus socraíonn sé nó sí cén chéad rud eile a tharlóidh. D’fhéadfadh cuairteoir gan choinne, nós teaghlaigh nó míthuiscint bheag idir cairde tús a chur le scéal.
Aistí — San aiste, bíonn deis ag daltaí ceist a mheá, tarraingt ar a dtaithí féin agus a ndearcadh pearsanta a fhorbairt. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh an léitheoir in ann snáithe a gcuid smaointe a leanúint go soiléir.
Agus na hiontrálacha á meas acu, cuireann na moltóirí céim foghlama an dalta san áireamh. Breathnaíonn siad ar an tsamhlaíocht, ar an úrnuacht, ar shoiléire na scríbhneoireachta, ar an úsáid a bhaintear as an nGaeilge agus ar an machnamh atá déanta ag an scríbhneoir ar an téama.
In Éire Dialogue, tugaimid an teanga, an t-oideachas agus an comhrá le chéile tríd an gcomórtas seo. Nuair a scríobhann daoine óga i nGaeilge, tugann siad deis dúinn an domhan a fheiceáil ar feadh nóiméid mar a fheiceann siad féin é. Le Peann na nÓg, déanaimid ceiliúradh ar an oidhreacht chultúrtha atá faighte ag na daltaí agus ar na scéalta nach féidir ach lena nglúin féin a insint.
